Cruinniú na nÓg 2023 – a national day of colourful, free and creative activities for thousands of young people

  • Cruinniú na nÓg supported by RTÉ will be Saturday 10th June 2023.
  • More than 500 free creative events for thousands of young people throughout the country including Forest Bathing in Castlefreke, Celestial Mechanics at the Dunsink Observatory, a recreation of Clones Town in ceramics, Hula hooping in Waterford and sensory soap making in Offaly.
  • Massive rap event at Elizabeth Fort, County Cork including workshops, open mic sessions and performances by young rappers from all over Ireland.
  • 5,000 spinning plates distributed nationwide, with four circus workshops in Tipperary, Cork, Dublin and Galway.

Today at the Mud Island Community Garden, Catherine Martin TD, Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, announced details of Cruinniú na nÓg 2023, a day of free creative activity for young people. This year Cruinniú na nÓg will be on 10th June 2023 and will feature more than 500 free creative activities for children and young people throughout the country. Cruinniú na nÓg 2023 is a collaboration between, the Creative Ireland Programme, local authorities and RTÉ and is the only event of its kind in the world.

Announcing Cruinniú na nÓg 2022, Minister Martin said: “Every year Cruinniú na nÓg becomes more firmly embedded into the lives of young people all over Ireland. There’s a huge programme of free creative activities for 10th June that will really stretch the imaginative muscles of all young people. Cruinniú na nÓg 2023 is a wonderful opportunity for the young people of Ireland to show off a little, try a new creative activity, make new friends and connect with their communities.  Every event is free.”

The Creative Ireland Programme and its strategic partners have developed a number of creative projects, all planned to go live on Saturday 10th June 2023.

These include:

Irish Street Arts, Circus and Spectacle Network (ISACS) will host open days for young people who want to try their hand at circus skills and street spectacle at their dedicated venues in Cloughjordan, Cork, Dublin and Galway. For those that can’t be there on the day, there will be a full range of online tutorials available.

Rhyme Island – This year Creative Ireland is teaming up with The Kabin Studio to get every young person in Ireland rapping. In preparation the Rhyme Island team have been travelling the length and breadth of the country holding a series of online and in-person workshops which will culminate in a massive day of rap at 17th Century Elizabeth Fort in Cork.

This is Art 2023 – Creative Ireland and RTÉ’s wonderful art competition for young people has returned, and the winning entries will be announced on 10th June 2023 along with a national on-line digital gallery of all entries.

TG4 and Cúla4 with support from the Gaeltacht division of the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media will support ‘Our World’/ ‘Mo Dhomhan’ several Cruinniú na nÓg projects groups which will include sand art projects.

Cruinniú na nÓg 2023 Ambassadors – This year, Creative Ireland have asked five  wonderful young people to represent Cruinniú na nOg 2023 to inspire others with their creative energy and skills.

Caterina Chiu Paone (8) Last year Caterina triumphed in This is Art with her cat collage.  Not only does Caterina make art but she loves Irish dancing, playing the guitar, writing and singing her own songs.

Sibéal de Spáinn (8) loves swimming, making art and recording radio shows. She made her first radio show in 2022 on Raidió Rí-Rá. Making art makes her feel great and that she is helping the world.

Jamie (the King) Forde (17) has been rapping at Knocknaheeny’s The Kabin in Cork since he was 10. With his friend MC Tiny (Darren Stewart) Jamie recorded ‘ Yeah Boy’ which they have performed in all over Cork, at Dublin Castle and on The Late, Late Toy Show.

Jodie Byrne (14) is a member of the Dublin Circus Club which she joined in 2022. In a relatively short period of time she was walking on stilts in the St Patrick’s Day parade. For Cruinniú na nÓg this year she will be at the Dublin Circus Club learning to spin plates.

Archie Evans (15) has been involved with the Dublin Circus Club for over a year and he loves it! Once a week he joins his friends in the club to learn everything from stilt walking to trapeze to juggling. Through circus he has met other circus teens from all over the country.

Consistent with the aims of the Government’s Shared Island initiative to deepen beneficial cooperation and connections across the island of Ireland, Cruinniú na nÓg 2023 will be programmed on an all-island basis with cross-community events connecting children and young people from both sides of the border, including via our partners in Circus Explored and Rhyme Island. This action is an integral part of the Shared Island dimension to the Creative Ireland Programme which focuses on harnessing the power of culture and creativity to inspire connections between people, communities and places.

RTÉ is supporting Cruinniú na nÓg with a nationwide campaign on television, radio, online and digital.

For a full listing of all activities and information on how to join in for Cruinniú na nÓg – please go to https://cruinniu.creativeireland.gov.ie and www.rte.ie

Cruinniú na nÓg 2023 – lá lán le gníomhaíochtaí spleodracha, cruthaitheacha agus saor in aisce do na mílte daoine óga

  • Beidh Cruinniú na nÓg 2023 ar siúl ar an Satharn 10 Meitheamh
  • Níos mó ná 500 imeacht cruthaitheach saor in aisce do na mílte daoine óga ar fud na tíre lena n-áirítear Seisiúin Foraoise i Ráth an Bharraigh, Meicnic Neamhaí ag Réadlann Dhún Sinche, athchruthú de Bhaile Chluain Eois in earraí criadóireachta, húlahúpáil i bPort Láirge agus déanamh gallúnacha céadfacha in Uíbh Fhailí.
  • Ócáid rap ollmhór i nDún Eilíse, Co. Chorcaí lena n-áirítear ceardlanna, seisiúin mic oscailte agus léirithe rapálaithe óga ó gach cearn den tír.
  • Tabharfar amach 5000 pláta rince ar fud na tíre, agus reáchtálfar ceithre cheardlann sorcais i dTiobraid Árann, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh

Inniu d’fhógair Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sonraí faoi Chruinniú na nÓg 2023, lá lán le gníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga sa Ghairdín Pobail ar bhruach Abhainn na Tulchann i mBaile Átha Cliath. Comhfhiontar idir Clár Éire Ildánach, údaráis áitiúla agus RTÉ atá i gCruinniú na nÓg 2023 agus is é an t-aon imeacht den chineál seo ar domhan.

Agus Cruinniú na nÓg 2022 á fhógairt aici, dúirt an tAire Martin:

Gach bliain éiríonn Cruinniú na nÓg níos daingne i saol daoine óga ar fud na hÉireann.  Tá clár ollmhór de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce ann don 10 Meitheamh a chuirfidh go mór le samhlaíocht na ndaoine óga go léir. Is deis iontach é Cruinniú na nÓg 2023 d’aos óg na hÉireann triail a bhaint as gníomhaíocht chruthaitheach nua, cairde nua a dhéanamh agus ceangal a dhéanamh lena bpobail. Cuirfear gach imeacht ar fáil saor in aisce.

D’fhorbair Clár Éire Ildánach agus a chomhpháirtithe straitéiseacha roinnt tionscadail chruthaitheacha, agus beidh siad ar siúl Dé Sathairn, an 10 Meitheamh 2023.

Ta na tionscadail seo a leanas ina measc:

Reáchtálfaidh Líonra Ealaíona Sráide agus Líonra Sorcais agus Seó na hÉireann laethanta oscailte do dhaoine óga ar mhaith leo triail a bhaint as scileanna sorcais agus seónna sráide ina n-ionaid thiomnaithe i gCloch Shiurdáin, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Dóibh siúd nach mbeidh in ann freastal ar an imeacht, beidh réimse leathan ranganna teagaisc ar líne ar fáil agus tabharfar 5,000 pláta rince amach ionas gur féidir le daoine óga a scileanna sorcais a fhorbairt sa bhaile.

Oileán na Ríme – I mbliana tá Éire Ildánach ag obair i gcomhar le The Kabin Studio chun gach duine óg in Éirinn a spreagadh chun triail a bhaint as rapáil. Mar ullmhúchán tá foireann Oileán Ríme ag taisteal ar fud na tíre ag reáchtáil sraith ceardlann rap ar líne agus ar an láthair a chuirfear bailchríoch air ar lá ollmhór rap i nDún Eilíse i gCorcaigh a tógadh sa 17ú hAois.

Ealaín is ea í 2023 – tá comórtas iontach ealaíne Éire Ildánach agus RTÉ do dhaoine óga ar ais, agus fógrófar na hiontrálacha a bhuaigh ar an 10 Meitheamh 2023 mar aon le gailearaí digiteach náisiúnta ar líne de na hiontrálacha go léir.

Tacóidh TG4 le tacaíocht ó Rannán na Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le ‘Ár nDomhan’/‘Mo Dhomhan’ le roinnt grúpaí tionscadail Chruinniú na nÓg lena n-áirítear tionscadail ealaíne gainimh sna ceithre chúige.

Ambasadóirí Chruinniú na nÓg 2023: I mbliana, d’iarr Éire Ildánach ar chuigear daoine óga iontacha ionadaíocht a dhéanamh ar Chruinniú na nÓg 2023 chun daoine eile a spreagadh lena gcuid fuinnimh agus scileanna cruthaitheacha.

Caterina Chiu Paone (8) Anuraidh bhuaigh Caterina catagóir 7 mbliana agus níos óige Ealaín is ea í lena colláis cat.  Ní hamháin go ndéanann Caterina ealaín ach is breá léi damhsa Gaelach, an giotár a sheinm agus a cuid amhrán féin a scríobh agus a chanadh.

Is breá le Sibéal de Spáinn (8) a bheith ag snámh, ag déanamh ealaíne agus ag taifeadadh seónna raidió. Rinne sí a céad seó raidió in 2022 ar Raidió Rí-Rá. Nuair a dhéanann sí ealaín, mothaíonn sí iontach agus go bhfuil sí ag cabhrú leis an domhan mór. Creideann Sibéal go gciallaíonn a bheith cruthaitheach gur féidir leat do shamhlaíocht a úsáid chun rudaí éagsúla a dhéanamh.

Tá Jamie (an Rí) Forde (17) ag rapáil in The Kabin i gCnoc na Rí i gCorcaigh ó bhí sé 10 mbliana d’aois. In éineacht lena chara MC Tiny (Darren Stewart) thaifead Jamie ‘Yeah Boy’ a chan siad ar fud Chorcaí agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. In 2021 chuir Jamie Ed Sheeran i láthair ar The Late Late Toy Show.
Is ball í Jodie Byrne (14) de Chlub Sorcais Bhaile Átha Cliath ó 2022 i leith. I dtréimhse réasúnta gairid bhí sí ag siúl ar chosa croise i bparáid Lá Fhéile Pádraig. Do Chruinniú na nÓg i mbliana beidh sí i gClub Sorcais Bhaile Átha Cliath ag cur lena scileanna sorcais trí fhoghlaim conas plátaí a chasadh.

Tá Archie Evans (15) ina bhall de Chlub Sorcais Bhaile Átha Cliath le breis agus bliain agus taitníonn sé go mór leis! Uair sa tseachtain téann sé lena chairde sa chlub chun gach rud a fhoghlaim ó shiúl ar chosa croise go traipéis agus lámhchleasaíocht. Tríd an sorcas bhuail sé le déagóirí sorcais eile ó gach cearn den tír nuair a bhuail siad le haghaidh oiliúna níos déine. Is breá le Archie pionsóireacht, cluichíocht agus léamh freisin.

Chun liosta iomlán de na gníomhaíochtaí ar fad agus eolas a fháil faoi conas páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg – téigh chuig www.cruinniu.creativeireland.gov.ie agus www.rte.ie.